Éisteacht Imscrúdaithe i leith an Teachta Robert Troy
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) Éisteacht Imscrúdaithe in oifigí an Choimisiúin an 10 Meitheamh 2024 ag 10rn maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ag an Teachta Robert Troy.
Ní éascófar freastal de chuid bhaill an phobail agus na meáin ach ar líne trí Zoom. Iarrtar ar aon duine ar mian leis/léi breathnú ar an éisteacht teagmháil a dhéanamh leis an oifig trí r-phost a chur chuig complaints@sipo.ie roimh 4in Dé hAoine 7 Meitheamh 2024 chun a spéis a chlárú. Cuirfear sonraí logála isteach cianda ar fáil ansin.
Tabhair le fios le do thoil go bhféadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí leis, a ordú go dtionólfar an éisteacht iomlán nó cuid d’aon éisteacht go príobháideach.
Má tá aon cheisteanna agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh le do thoil ar (01) 639 5666. Le haghaidh ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Arna bhunú i 2001, is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é an Coimisiún atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar Acht an OireachtaIs (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teileafón: (01) 639 5666 R-phost: complaints@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND
CRÍOCH