Inrochtaineacht
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin. Comhroinnimid oifigí le hOifig an Ombudsman, le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus leis an gCoimisiún Reifrinn (agus é ar bun). Is í Oifig an Ombudsman a sholáthraíonn an rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin.
I dteannta a chéile, tugtar “an Oifig” ar na hoifigí sa rannán seo den suíomh Gréasáin.
Más rud é go bhfuil deacracht agat rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an suíomh seo, déan teagmháil lenár n-oifigeach rochtana ag accessofficer@sipo.ie.
Mar chomhlacht poiblí, ní mór don eagraíocht cloí le hailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005. Ní mór don eagraíocht a chinntiú:
Tá beartais agus straitéisí i bhfeidhm ag an Oifig chun na ceanglais atá orainn mar chomhlacht poiblí faoin Acht um Míchumas, 2005, a chomhlíonadh.
Déanfaimid dianiarracht freisin a chinntiú go gcomhlíonann ár suíomh Gréasáin na caighdeáin theicniúla seo a leanas:
Féadfaidh duine gearán a dhéanamh lenár n-oifigeach pearsanra faoi alt 38 den Acht i gcás go measann sé/sí gur mhainníomar cloí le hailt 25, 26, 27 nó 28 den Acht. Tarchuirfidh an t-oifigeach pearsanra an ní chuig oifigeach fiosrúcháin.
Más rud é go bhfuil tú ag déanamh gearán faoi inrochtaineacht ár gcuid seirbhísí agus go dteastaíonn cabhair uait chun déanamh amhlaidh, déan teagmháil lenár n-oifigeach rochtana chun cúnamh a fháil.
Dar le halt 27 den Acht um Míchumas, 2005: “I gcás go soláthrófar seirbhís do chomhlacht poiblí, cinnteoidh ceann an chomhlachta sin gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn an tseirbhís”.
Tá feidhm aige sin maidir le seirbhísí a sholáthar agus le hearraí a sheachadadh. Fágann sé go gceanglaítear le halt 27 ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú gurb inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a bheidh aon earraí nó seirbhísí a fhaigheann siad, ach amháin i gcás nach bhfuil sé indéanta, go bhfuil sé róchostasach nó go gcruthódh sé moill neamhréasúnach. Tá feidhm ag an alt sin maidir le tairiscintí a chur amach le haghaidh trealaimh, ábhar, teicneolaíocht faisnéise, saoráidí comhdhála, agus nithe eile.
Is é an cuspóir atá againn an caighdeán inrochtaineachta is airde is féidir a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas, ach é a bheith réasúnta. Is é atá inár mbeartas ná a chinntiú go gcuirtear riachtanais inrochtaineachta ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas ar áireamh i ngach céim den phróiseas tairisceana.
Ghlacamar na nósanna imeachta seo a leanas:
1) An Timpeallacht Thógtha
Tá ár n-oifig suite ag 18 Sráid Líosain Íochtarach. Cuireadh oibreacha i gcrích ag an bhfoirgneamh chun soláthar a dhéanamh do na nithe seo:
2) An Fháil ar Shaineolas
Faoi alt 26(1)(c) den Acht um Míchumas, 2005, ní mór do chomhlacht poiblí saineolas agus scileanna a bheith ar fáil aige chun comhairle a chur air maidir lena chuid seirbhísí a dhéanamh. Sa “Cód Cleachtais maidir le hInrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar fáil” ón Údarás Náisiúnta Míchumais, luaitear an méid seo: “féadfar saineolas den sórt sin a chur ar fáil laistigh den eagraíocht nó, nuair is féidir, féadfar é a fhoinsiú go seachtrach”.
Cuireadh oiliúint feasachta ar mhíchumas ar fáil do gach ball foirne. Chuireamar bunachar sonraí le chéile freisin, agus é comhdhéanta de na sonraí teagmhála, de na costais agus den fhógra a theastaíonn do chuideachtaí a sholáthraíonn: