An beartas maidir le X
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bainistíonn an Coimisiún um Chaighdeáin dhá chuntas ar X: @SIPOCIreland agus @LobbyingIE. Baintear úsáid as tvuíteanna chun nuacht agus faisnéis a thabhairt don phobal.
Déantar nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntais ar X le linn uaireanta oifige ó Luan go hAoine.
Cé go bhfáiltímid roimh na teachtaireachtaí go léir a fhaightear sna cuntais ar X agus go léimid iad, nílimid in ann freagra a thabhairt ar gach ceann díobh. De bhreis air sin, ní mheasaimid gurb ionann teachtaireachtaí ar X agus teagmháil leis an gCoimisiún chun críocha oifigiúla agus níl dualgas orainn faireachán a dhéanamh ar iarrataí ar fhaisnéis a dhéantar trí X ná freagra a thabhairt orthu.
Níl dualgas orainn ach oiread ceann ar bith dár leantóirí a leanúint. Más amhlaidh go leanaimid cuntas ar X, ní chiallóidh sé sin go bhformhuinímid é.