Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar reachtaíocht na heitice, na dtoghchán, airgeadais an stáit agus na brústocaireachta. Ar an suíomh Gréasáin seo, is féidir leat nascleanúint a dhéanamh go dtí an fhaisnéis agus an treoir arna oiriúnú duit, beag beann ar an bpost agat.
Tá gach státseirbhíseach faoi réir na nAchtanna um Eitic agus faoi chód iompair arna oiriúnú a leagann amach caighdeáin an iompair a bhfuiltear ag súil leis. Chun cabhrú leat do chuid dhualgas a thuiscint, foilsíonn an Coimisiún fógraí treoracha agus faisnéise freisin ó am go chéile.
Caithfidh gach deontóir corparáideach clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin má tá sé ar intinn aige síntiúis pholaitíochta os cionn €200 a thabhairt.
Leagann an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 creat eiticiúil amach agus cuireann sé dualgas reachtúil ar chomhaltaí na n-údaráis áitiúil (comhairleoirí cathrach agus contae) caighdeáin chuí an ionracais, an iompair agus an chúraim ar mhaithe le leas an phobail a chothabháil.
Más iarrthóir nó gníomhaire toghcháin tú ag toghchán Dála, Seanaid, Eorpach nó uachtaránachta, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le síntiúis agus le caiteachas atá leagtha amach san Acht Toghcháin agus i dtreoirlínte toghcháin agus síntiús an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Má thá tú ag obair sna meáin, tá tuilleadh faisnéise le feiceáil faoin gCoimisiún um Chaighdeáin ag na naisc thíos:
Le haghaidh ceisteanna a mbaineann leis na meáin, seol rPhost chuig: media@sipo.ie
Tabhair faoi deara go ndéantar monatóireacht ar an mbosca isteach le linn uaireanta oibre.
Caithfidh gach fhostai údaráis áitiúil cloí leis na rialacha atá leagtha amach sna hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 agus sa Chód Iompair d’Fhostaithe Údaráis Áitiúil.
Más feisire Parlaimint na hEorpa thú, ní mór duit, faoin Acht Toghcháin, gach síntiúis agus costas toghcháin a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin, chomh maith le gach síntiúis a thuairisciú gach bliain i ndiaidh do thoghadh.
Más iarrthóir toghchán tú, caithfidh tú cloí leis an Acht Toghcháin – le linn an toghcháin agus i ndiaidh do thoghadh.
Tá cód iompair ag Parlaimint na hEorpa dá chuid fheisirí. Cé go ndéanann an Coimisiún maoirseacht ar an Acht Toghcháin, níl aon ról maoirseachta aige ar chód an iompair. Déan teagmháil le Parlaimint na hEorpa le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcód.
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh comhairle a fháil maidir le do chuid dualgas faoin Acht Toghcháin.
Más TD thú, tá dualgas ort faoi na hAchtanna um Eitic, faoin Acht Toghcháin, agus faoin gCód Iompair do Chomhaltaí Dháil Éireann nach sealbhóirí oifige iad.
Tá feidhm ag an Acht Toghcháin nuair a bhíonn tú ag seasamh sa toghchán agus i ndiaidh do thoghadh. Nuair a thoghtar thú, caithfidh tú cloí leis na hAchtanna um Eitic chomh maith leis an gcód iompair.
.Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ke haghaidh comhairle a fháil maidir le do chuid dualgasí faoin Acht Toghcháin.
Déan teagmháil leis an gCoiste um Leasanna Theachtaí Dháil Éireann chun comhairle a fháil ar na hAchtanna um Eitic nó ar an gcód iompair, toisc nach bhfuil an t-údarás againn féin comhairle a chur ort sna réimsí seo.
Más Seanadóir thú, tá dualgas ort faoi na hAchtanna um Eitic, faoin Acht Toghcháin, agus faoin gCód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann nach sealbhóirí oifige iad.
Más Aire, Aire Stáit, comhairleoir aireachta, státseirbhíseach sinsearach nó státseirbhíseach thú, is sealbhóir oifige thú agus tá freagrachtaí ort faoi na hAchtanna um Eitic agus faoin gcód iompair do shealbhóirí oifige.
An bhfuil faisnéis agat faoi shárú na nAchtanna? Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirsiú ar chomhlíontacht na reachtaíochta laistigh dá shainchúram agus is is féidir leis scrúdú a dhéanamh ar aon shárú a d'fhéadfadh a bheith ann.
Tá an Coimisiún geallta le cultúr a chruthú a thacaíonn le nochtadh cosanta a dhéanamh agus a thugann cosaint do sceithirí.
Caithfidh éinne a thugann síntiúis do bhall nó do chomhaltaí páirtí polaitíochta agus don pháirtí féin sa bhliain chéanna a leithéid a thuairisciú don Choimisiún um Chaighdeáin, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm deontóra “24(1)a”.
Treoirlínte do Shíntiúsóirí Alt 24 (1A)
Tá odualgais ar pháirtithe polaitíochta faoin Acht Toghcháin 1997 agus faoin Acht um an Oireachtas (Liúntas Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014.
Caithfidh éinne a bhfuil ina fhostaí de chuid na seirbhíse poiblí níos leithne thú – lena n-áirítear boird agus gníomhaireachtaí clói lena chuid dualgas faoi na hAchtanna um Eitic, a athraíonn de réir an tseasaimh aige.
Tá treoirlínte ar fáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le liúntas na ngníomhaíochtaí parlaiminte, a íoctar le ceannairí na bpáirtithe cáilitheacha agus le comhaltaí neamhspleácha na Dála nó an tSeanaid faoin Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 .
Tá treoirlínte ar fáil ón gCoimisiún do pháirtithe polaitíochta maidir le maoiniú ón Státchiste faoi na hAchtanna Toghcháin agus faoi liúntas na ngníomhaíochtaí parlaiminte.
Tá dualgais ann maidir le nochtadh agus tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún ar thríú páirtithe. Tá nótaí míniúcháin ar fáil againn do thríú páirtithe faoina gcuid dualgasí faoin Acht Toghcháin.