Tuarascálacha an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir le maoiniú Stáit do pháirtithe polaitiúla in 2021
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
25 Lúnasa 2022: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu maidir le maoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla agus do TDanna agus do Sheanadóirí neamhspleácha le linn 2021.
Maoiniú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2021
Ina chéad tuarascáil, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas ar mhaoiniú an Státchiste do pháirtithe polaitiúla. Féadfaidh páirtithe cáiliú le haghaidh maoinithe ón Státchiste faoin Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) bunaithe ar a gcéatadán den vóta sa toghchán deireanach sa Dáil.
In 2021, cháiligh seacht bpáirtí pholaitiúla don mhaoiniú: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús..
Fuair na páirtithe maoiniú dar luach díreach os cionn €5.8 milliún faoin reachtaíocht toghcháin in 2021. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin nó reifrinn, agus caithfidh páirtithe tuairisciú ar an gcaoi ar chaith siad na cistí leis an gCoimisiún.
Bhí an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain díreach faoi bhun €4.66 milliún. Féadfar aon mhaoiniú nár úsáideadh ón mbliain roimhe sin a thabhairt ar aghaidh lena úsáid an bhliain dar gcionn, agus cuntas a thabhairt air sa bhliain a chaitear é.
Ina thuarascáil, chuir an Coimisiún imní in iúl arís nach bhfuil aon iarmhairt ann do neamhchomhlíonadh páirtithe cáilithe nach gcomhlíonann na ceanglais tuairiscithe agus nach gcáilíonn le haghaidh maoinithe an bhliain dar gcionn.
Tá sonraí faoin maoiniú, lena n-áirítear an chaoi ar caitheadh é agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Maoiniú Státchiste Páirtithe Polaitíochta in 2020, arna fhoilsiú inniu ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.
Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte 2021
Ina dhara tuarascáil a eisíodh inniu, tuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas an mhaoinithe a thugtar do cheannairí cáilithe páirtí agus do bhaill neamhspleácha an Oireachtais. Ar a dtugtar go neamhfhoirmiúil an “Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte”, cáilíonn páirtí polaitíochta le haghaidh íocaíochta faoin reachtaíocht Liúntais Gníomhaíochtaí Parlaiminte má chláraigh siad i gClár na bPáirtithe Polaitiúla agus má toghadh ball amháin ar a laghad chun Dáil Éireann nó má toghadh nó ainmníodh é do Sheanad Éireann san olltoghchán deireanach. Tá baill neamhspleácha den Oireachtas incháilithe freisin. Cuirtear maoiniú ar fáil faoin Oifigí Aireachta agus Parlaiminte Act 1938.
In 20201, cháiligh naoi bpáirtí a cháiligh don liúntas, eadhon: Aontú, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht - an Comhaontas Pobal seachas Brabús. B'ionann an maoiniú iomlán a bhí iníoctha in 2021 le ceannairí páirtithe parlaiminte na bpáirtithe seo agus díreach faoi bhun €7.6 milliún.
B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Dáil le linn 2021 agus €705,461.
B'ionann an maoiniú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí den Seanad le linn 2021 agus €189,878
B'ionann an caiteachas iomlán a thuairiscigh an dá pháirtí agus baill neamhspleácha a chuir tuairisceáin isteach i rith na bliana agus beagnach €7.2 milliún.
Tá sonraí faoin maoiniú agus conas a caitheadh é, mar aon le ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil, dar teideal Maoiniú Státchiste faoin Reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte in 2021. Tá an tuarascáil seo ar fáil anseo.
Teagmháil: Preasoifigeach
Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: 01 6395666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland
Is comhlacht neamhspleách, neamhpháirteach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblíatá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), an tAcht Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an Rialachán den Acht um Brústocaireacht 2015.
Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.