SIPO Press Release - Éisteacht Imscrúdaithe i leith an Chomhairleora Kenneth O’Flynn, Comhairle
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
PREASRÁITEAS
09 Meán Fómhair 2024: Éisteacht Imscrúdaithe i leith an Chomhairleora Kenneth O’Flynn, Comhairle Cathrach Chorcaí
Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) Éisteacht Imscrúdaithe in oifigí an Choimisiúin an 07 Deireadh Fómhair 2024 ag 10rn maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus ar an gCód Iompair do Chomhairleoirí ag an gComhairleoir Kenneth O’Flynn, Comhairle Cathrach Chorcaí.
Ní éascófar le freastal ag baill den phobal agus de na meáin ach ar líne trí Zoom. Iarrtar ar aon duine ar mian leis/léi an éisteacht a bhreathnú teagmháil a dhéanamh leis an oifig trí r-phost a chur chuig complaints@sipo.ie roimh 4in Dé hAoine 04 Deireadh Fómhair 2024 chun an tsuim atá aige/aici ann a chlárú. Cuirfear sonraí logála isteach cianda ar fáil ansin.
Bíodh a fhios agat go bhféadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí leis, a ordú go reáchtálfar go príobháideach éisteacht ar bith go hiomlán nó go páirteach.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh ar (01) 639 5666 le do thoil. I gcás ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún in 2001, agus is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teileafón: (01) 639 5666
R-phost: complaints@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND
CRÍOCH