Nochtadh Bliantúil ar Shíntiúis a fuair TDanna, Seanadóirí agus FPEnna i 2021
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le heisiúint láithreach
22 Lúnasa 2022: D’fhoilsigh An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) tuarascáil inniu ar shíntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus FPEnna i 2021. Tá faisnéis sa tuarascáil chomh maith ar shínitúis eile a chaithfear a nochtadh.
Don tréimhse tuairiscithe 2021, ceanglaíodh ar 233 ionadaí poiblí san iomlán — 160 TD, 59 Seanadóir, 13 Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus iar-TD amháin – ráitis sínitúis a dhéanamh faoin 31 Eanáir 2022.
Faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, ní féidir le hionadaithe poiblí glacadh le síntiúis in aon bhliain amháin de níos mó ná €200 in airgead tirim, agus níos mó ná €1,000 i luach iomlán ó aon fhoinse amháin. Caithfidh siad aon síntiúis dar luach (nó san iomlán) €600 nó níos mó ó fhoinse aonair a nochtadh. Ní gá síntiúis faoi bhun na tairsí tuairiscithe sin a nochtadh don Choimisiún. Mar sin ní léiríonn an tuarascáil ach na síntiúis sin os cionn na tairsí tuairiscithe agus ní léiríonn sé gach síntiús a fhaigheann baill.
Nocht baill i leith 2021 síntiúis os cionn na tairsí tuairiscithe le luach iomlán de €3,800. Nuair a chuirtear aisíocaíochtaí san áireamh, ba é an glan iomlán le haghaidh síntiús a fuarthas ná €3,000. Tháinig laghdú air sin ó fhigiúr coibhéiseach 2020, a bhí ag €64,875. Is dócha gurb é an t-olltoghchán a tionóladh i mí Feabhra 2020 an chúis leis an luach sách ard na síntiús a nochtadh maidir le 2020.
Is féidir tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin agus ráitis síntiús aonair a fheiceáil ar líne anseo.
Déan teagmháil le: An Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2
Teileafón: 01 - 6395666
R-phost: info@sipo.ie
Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland
Cúlra
Is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), An tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte 1938, agus An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
Bunaíodh an Coimisiún leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.