14 Samhain 2024: Éisteacht Imscrúdaithe maidir le Tommy Reilly
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le Scaoileadh láithreach
PREASRÁITEAS
Tá an Éisteacht Imscrúdaithe maidir le sáruithe líomhnaithe ar an Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus ar an gCód Iompraíochta do Chomhairleoirí ag an Uasal Tommy Reilly, iar-Chomhairleoir ar Chomhairle Contae na Mí, curtha ar atráth mar gheall ar deacrachtaí a bhaineann le hinfhaighteacht na gCoimisinéirí. De thoradh sin, ní bheidh an éisteacht ag dul ar aghaidh an 18 agus 19 Samhain 2024. Socróidh an Coimisiún dáta nua don éisteacht.
I gcás ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún in 2001, agus is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ar an Acht Toghcháin, 1997, ar an Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teileafón: (01) 639 5666
R-phost: complaints@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND
CRÍOCH