Tuairiscíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar chistiú Stáit páirtithe polaitíochta in 2022
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 18 Nollaig 2023: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí dhá thuarascáil inniu ar mhaoiniú stáit do pháirtithe polaitiúla agus do Theachtaí Dála neamhspleácha agus do Sheanadóirí i rith 2022.
D’fhéadfadh páirtithe cáiliú do chistiú ón Státchiste a fháil faoin Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú) bunaithe ar an gcéatadán den vóta a fuair siad i dtoghchán deireanach na Dála.
Cháiligh seachtar páirtithe polaitíochta don chistiú in 2022: Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabús.
Fuair na páirtithe cistiú ar luach iomlán beagán de bhreis ar €6 mhilliún faoin reachtaíocht toghcháin in 2022. Ní féidir an cistiú a úsáid do chuspóirí toghcháin nó reifrinn agus caithfidh páirtithe tuairisciú ar conas a chaitheann siad na cistí leis an gCoimisiún.
Bhí an caiteachas iomlán a tuairiscíodh don bhliain beagán faoi bhun €5.7 milliún. D’fhéadfaí aon chistiú nár úsáideadh ón mbliain roimhe sin a thabhairt ar aghaidh chun é a úsáid an chéad bhliain eile, agus é a chur i gcuntas sa bhliain inar úsáideadh iad.
Thug an Coimisiún buarthaí chun solais sa tuarascáil seo arís eile nach n-eascraíonn aon iarmhairt as neamhchomhlíonadh i measc páirtithe cáilithe a dteipeann orthu na ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh agus nach gcáilíonn do chistiú an bhliain dar gcionn.
Tá sonraí faoin gcistiú, lena n-áirítear conas a caitheadh é agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Cistiú Státchiste na bPáirtithe Polaitíochta in 2022, a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin inniu. Tá an tuarascáil ar fáil anseo.
Tuairiscíonn an Coimisiún, ina dara tuarascáil a eisíodh inniu, ar chaiteachas an chistithe a tugadh do cheannairí cáilitheacha páirtí agus do bhaill neamhspleácha an Oireachtais. Tugtar “an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte” air go neamhfhoirmiúil, agus cáileofar páirtí páirtithe polaitíochta d’íocaíocht faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte má chláraigh siad i gClár bPáirtithe Polaitíochta agus má dhéantar ar a laghad ball amháin eile den pháirtí sin a thoghadh le Dáil Éireann nó má ainmníodh iad le Seanad Éireann ag an olltoghchán deireanach. Tá baill neamhspleácha den Oireachtas incháilithe freisin. Cuirtear cistiú ar fáil faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014.
Cáilíodh naoi bpáirtí polaitíochta don liúntas in 2022, ina measc: Aontú, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht – Pobal seachas Brabús. B’ionann an cistiú iomlán a bhí iníoctha in 2022 le ceannairí páirtí pharlaimintigh na bpáirtithe seo agus beagán faoi bhun €8 milliún.
B’ionann an cistiú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí na Dála i rith 2022 agus €738,759.
B’ionann an cistiú a bhí iníoctha le baill neamhpháirtí an tSeanaid i rith 2022 agus €215,723.
Ba é an caitheamh iomlán a thuairiscigh idir pháirtithe agus baill neamhspleácha a sheol tuairisceáin ar ais, i rith na bliana beagán faoi bhun €8.3 milliún.
Tá sonraí faoin gcistiú agus conas a caitheadh é, agus na ráitis a ghabhann leis, le fáil sa tuarascáil dar teideal Cistiú Státchiste faoin Reachtaíocht um an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte in 2022.
Teagmháil: An Fhoireann Meán
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Ríomhphost: media@sipo.ie
Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.