Eisíonn an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar chuntais na bpáirtithe polaitíochta don bhliain 2022
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 15 Nollaig 2023: D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) a thuarascáil bhliantúil inniu ar ráitis chuntas a sholáthair páirtithe polaitíochta dó atá cláraithe in Éirinn. Ceanglaítear san Acht Toghcháin, 1997 arna leasú ag an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta), 2012, go ndéanann gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis iniúchta chuntas a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais.
Cuimsítear sa tuarascáil léargas ginearálta ar oibleagáidí an Achta, agus cuirtear eolas ar fáil inti ar stádas comhlíonta na bpáirtithe faoi réir an Achta. Ceanglaíodh ar 23 páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas a sholáthar don bhliain 2022. Deimhníodh gur chomhlíon deich bpáirtí a n-oibleagáidí dlíthiúla go hiomlán le ráiteas bliantúil cuntas a sholáthar. Sholáthair naoi bpáirtí ráiteas cuntas nó comhfhreagras nár chomhlíon an tAcht, agus theip ar cheithre pháirtí polaitíochta ráiteas cuntas a sholáthar.
De réir cheanglais an Achta, seolfar cóip den tuarascáil seo chuig Cathaoirleach Dháil Éireann agus chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá Tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar Ráiteas Cuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2022 ar fáil ag https://www.sipo.ie/reports-and-publications/political-party-accounts/index.xml?&Language=ga
Teagmháil: An Fhoireann Meán
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Ríomhphost: media@sipo.ie
Láithreán gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland
Cúlra: Comhlacht neamhspleách neamhpháirtíneach é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú), an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin faoin Acht um Eitic in Oifig Poiblí, 2001.