Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí tuarascáil bhliantúil do 2022
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ráiteas Meáin
21 Iúil 2023
Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí tuarascáil bhliantúil do 2022
Inniu (21 Iúil 2023) d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil do 2022. Tugtar achoimre sa tuarascáil ar ghníomhaíochta an Choimisiúin le linn 2022 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin, agus maoiniú Stáit. Cuimsíonn sé faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus imscrúdúithe, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit páirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.
Le linn 2022, fuair an Coimisiún 134 gearán faoi na hAchtanna um Eitic. Dhún an Coimisiún 133 gearán le linn na bliana, agus bhain 115 díobh le gearáin a fuarthas i 2022.
Bhí an Coimisiún ag tabhairt faoi dhá imscrúdú ar neamhchomhlíonadh na bhforálacha imréitigh cánach ag sealbhóirí oifige sinsearacha ag tús 2022. I rith 2022, d’fhaomhaigh an Coimisiún deich n-imscrúdú breise chun dul sa tóir ar neamhchomhlíonadh forálacha imréitigh cánach na nAchtanna um Eitic ag sealbhóirí oifige sinsearacha. Chomhlíon ocht nduine aonair na forálacha agus na himscrúduithe ar bun, agus cuireadh stop leis an bpróiseas. D’eisigh an Coimisiún dhá thuarascáil imscrúduithe a bhain le daoine aonair a theip orthu a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Ní raibh ceachtar acu ag comhlíonadh a n-oibleagáidí ag deireadh 2022.
D’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil ar Fhothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas 2021 i mí Feabhra 2022 agus a thuarascáil ar Fhothoghán Ollscoil Bhaile Átha Cliath 2022 i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Achtaíodh an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022 i mí Iúil 2022. Chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le bunú an Choimisiúin Toghcháin, rinne an tAcht roinnt leasuithe ar an Acht Toghcháin 1997. Baineann le leasuithe le síntiúis pholaitiúla, costais toghcháin agus ráitis cuntas.
I mí na Samhna 2021, sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, an comhairliúchán poiblí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht eitice a chuir obair an Choimisiúin um Chaighdeáin san áireamh. Chríochnaigh an Roinn Caitheachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe athchóiriú ar an reachtaíocht eitice go déanach i 2022. D’fhoilsigh an Roinn é seo i Feabhra 2023. Tá an Coimisiún I dteagmháil leis an Roinn faoi láthair ar dhul chun cinn an athchóirithe reachtaíochta seo.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, agus chun tuarascáil bhliaintúil an Choimisiúin a léamh, tabhair cuairt ar www.sipo.ie.
CRÍOCH
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:
Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla,
Baile Átha Cliath 2,
D02 W773
Fón: +353 (0) 1 639 5666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Láithreán Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland