Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiún Um Chaighdéain in Oifigí Poiblí 2021
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil don bhliain 2021 inniu. Tugann an tuarascáil achoimre ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn 2021 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, le maoiniú toghcháin, agus le maoiniú Stáit. Áirítear leis, faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus fiosrúcháin, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit na bpáirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.
Áirítear i measc na tuarascála 2021:
Phróiseáil an Coimisiún 127 gearán faoi na hAchtanna um Eitic agus chuir sé tús le 4 réamhfhiosrúchán. Tugadh 7 réamhfhiosrúchán ó 2020 chun críche in 2021. Astu seo, dúnadh dhá cheann agus chuaigh cúig cinn ar aghaidh chuig imscrúduithe. Thionóil an Coimisiún dhá éisteacht imscrúdaithe i mí na Samhna 2021, agus foilsíodh na tuarascálacha ina dhiaidh sin i mí Eanáir 2022.
Bhí seacht n-imscrúdú leanúnacha ann maidir le daoine a ceapadh in “oifig shinsearach”, ar neamhchomhlíonadh le forálacha imréitigh cánach ag tús 2021. Faomhadh trí imscrúdú eile faoi na forálacha seo le linn 2021. Tháinig ochtar i gcomhlíonadh le linn na bliana, agus bhí beirt gan réiteach fós ag deireadh na bliana. Eisíodh dhá thuarascáil imscrúdaithe maidir le daoine ceaptha san “oifig shinsearach”, a chomhlíon ina dhiaidh sin lena n-oibleagáidí imréitigh cánach.
I rith na bliana, foilsíodh trí thuarascáil ar nochtuithe bliantúla maidir le síntiúis do pháirtithe polaitíochta, caiteachas maoinithe an Státchiste, agus ráitis ar chuntais bhainc na bpáirtithe polaitíochta.
Bhí maoirseacht ag an gCoimisiún ar airgeadas feachtais d’olltoghchán na Dála in 2020 freisin, agus d’fhoilsigh sé a thuarascáil in 2021. Chomh maith leis sin, fuair an Coimisiún dearbhuithe reachtúla agus ráitis síntiús faoin Acht Toghcháin 1997 i ndáil le Toghchán an tSeanaid 2020, agus d’fhoilsigh sé a thuarascáil ina leith sin sa bhliain 2021.
Reáchtáladh dhá fhothoghchán don Seanad agus fothoghchán do Dháil Éireann i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas in 2021. Ina dhiaidh, d’fhoilsigh an Coimisiún a thuarascálacha ar chaiteachas ag na toghcháin sin.
Thug san Coimisiún faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana éagsúla chun feasacht a ardú, agus chun tuiscint agus comhlíonadh na nAchtanna a fheabhsú.
Mar a tharla i mblianta roimhe, tá roinnt moltaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ina thuarascáil bhliantúil maidir le hathrú reachtach ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú) agus ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, atá fós gan réiteach le linn dó a bheith a fhoilsiú.
I mí na Samhna 2021, sheol an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, comhairliúchán poiblí maidir le hathbhreithniú ar an reachtaíocht eitice. Tá an comhairliúchán poiblí faoi athbhreithniú faoi láthair ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe d’fhonn tograí le haghaidh athchóiriú reachtaíochta a thabhairt chun cinn in 2022. Tá fáilte curtha ag an gCoimisiún roimh sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí ag an Aire. Tacaíonn an Coimisiún le tionscnaimh a fheabhsóidh creat eitice na hÉireann, agus glacfaidh sé páirt in aon athbhreithnithe reachtaíochta agus acmhainne.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin a léamh, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do thoil le:
Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Fón: +353 (0)1 639 5666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh Gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001, agus is é an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), an tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú), an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, agus an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Ba iad comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2021 ná:
An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;
Seamus McCarthy, Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
Peter Tyndall, Ombudsman (ar scor i mí na Nollag 2021);
Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann;
Geraldine Feeney, iarbhall de Sheanad Éireann.
Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúil gach bliain; ceann amháin ar a ghníomhaíochtaí ag riaradh na reachtaíochta eitice, toghcháin agus maoinithe Stáit, agus an ceann eile ar a ghníomhaíochtaí ag riaradh an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Ar an 30 Meitheamh, foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leith maidir le Brústocaireacht a Rialáil 2021, agus is féidir é a fheiceáil ar www.lobbying.ie.