NA TREOIRLÍNTE MAIDIR LEIS AN OLLTOGHCHÁN DON 34Ú DÁIL FOILSITHE AG AN gCOIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
11 Samhain 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (“an Coimisiún”) na Treoirlínte maidir leis an Olltoghchán don 34ú Dáil inniu.
Baineann na Treoirlínte le hiarrthóirí, gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta agus daoine eile atá rannpháirteach san Olltoghchán don 34ú Dáil.
Cumhdaítear sna Treoirlínte réimsí ar nós síntiúis pholaitíochta, tiomsú airgid ar líne, teorainneacha reachtúla maidir le caiteachas feachtais, teorainneacha aisíocaíochta, dátaí tábhachtacha maidir le speansais toghcháin a thabhairt ar ais agus treoir maidir le cad is speansas toghcháin ann.
Tá fáil ar na Treoirlínte anseo ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.
Ina theannta sin, tar éis tosach feidhme, an 1 Samhain 2024, d'fhorálacha san Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022 a bhí fós gan cur chun feidhme, rinneadh athruithe ar ról an Choimisiúin maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh cionta a bheidh ábhartha don Olltoghchán don 34ú Dáil, eadhon:
• cumhachtaí nua imscrúdaithe i ndáil le cionta;
• cumhachtaí chun cionta achoimre a ionchúiseamh é féin; agus
• cumhachtaí chun fógraí maidir le híocaíochtaí seasta €200 a eisiúint, in ionad ionchúisimh, maidir le tuairisceáin dhéanacha.
Maidir leis sin, tá a Chód um Imscrúduithe Toghcháin do dhéanamh foilsithe ag an gCoimisiún, féach anseo .
Maidir le húsáid cheart acmhainní poiblí i dtoghcháin, faigheann an Coimisiún fiosruithe maidir le húsáid áiseanna de chuid an Oireachtais, lena n-áirítear clúdaigh an Oireachtais ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí, go háirithe sna laethanta roimh thoghchán.
Sa nóta míniúcháin anseo, leagann an Coimisiún um Chaighdeáin amach an seasamh i dtéarmaí ginearálta agus go sonrach maidir leis an gcás roimh lánscor na Dála agus dá éis mar a mbíonn feidhm ag rialacha faoi leith.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, téigh i dteagmháil le:
media@sipo.ie
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 Fón: +353 (0) 1 639 5666
Ríomhphost: media@sipo.ie
Suíomh gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIreland
Cúlra
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001, agus is é an comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Is iad baill an Choimisiúin um Chaighdeáin:
• An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;
• Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
• An tOmbudsman Ger Deering ;
• Peter Finnegan, Cléireach Dáil Éireann;
• Martin Groves, Cléireach Seanad Éireann;
• Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.
Críoch