Cód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar amach sa Chód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann na prionsabail nach mór duit, mar sheanadóir, cloí leo le linn duit do chuid dualgas a chomhlíonadh.
Tá feidhm ag an gcód maidir le seanadóirí nach sealbhóirí oifige iad. Tá cód iompair ar leith ann do shealbhóirí oifige.
Faoin gcód, ní mór duit a chinntiú nach dtarraingeoidh d’iompar míchlú ar d’oifig nó ar an Seanad.
Leagtar amach sa chód an dóigh nach mór duit tú féin a iompar agus tú san oifig. Cumhdaítear ann réimsí amhail coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, glacadh le bronntanais agus le sochair, cloí leis an dlí, obair i gcomhar le comhlachtaí dlí, úsáid chuí a bhaint as acmhainní poiblí, agus faisnéis a úsáid.
Déan teagmháil leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann chun comhairle a fháil maidir leis an gCód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann.