Faisnéis le haghaidh fostaithe na n-údarás áitiúil
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Caithfidh gach fostaí de chuid údaráis áitiúil cloí leis na rialacha atá leagtha amach sna hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001, san Acht Rialtais Áitiúil, 2001 agus sa Chód Iompair d’Fhostaithe Údaráis Áitiúil. Cuireann na creataí seo dualgais ar fhostaithe na n-údarás áitiúil caighdeáin chearta an ionracais a choinneáil agus a chuid dualgas á chur i bhfeidhm aige.
De réir Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, tugtar an t-údarás don Choimisiún um Chaighdeáin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin áirithe faoi fhostaithe na n-údarás áitiúil faoi na hAchtanna agus faoin gCód Iompair.
Mar sin féin, ba cheart gach bealach áitiúil a úsáid sula gcuirtear gearán faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin. Má mheasann éinne go bhféadfadh gur sháraigh comhalta údaráis áitiúil a chuid dualgas faoi na hAchtanna nó faoin gCód, ba cheart dó a ghearán a chur faoi bhráid chláraitheoir eitice an údaráis áitiúil ar an gcéad dul síos.
Muna bhfuil an gearánaí sásta le toradh aon scrúdaithe ag cláraitheoir na heitice, is féidir leis an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin.