Spriocdhátaí is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Anseo thíos gheobhaidh tú spriocdhátaí toghcháin do na sé mhí amach romhainn. Baineann na spriocdhátaí seo leis na rialacha atá leagtha amach sna hAchtanna Toghcháin arna leasú agus i dTreoirlínte an Choimisiúin um Chaighdeáin. Féach anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
22 Iúil 2024 | Ní mór éilimh ar íocaíocht speansais toghcháin ó sholáthraithe a bheith faighte ag an ngníomhaire toghcháin méarachta faoin dáta seo |
2 Lúnasa 2024 | An dáta faoina gcaithfear gach Ráiteas Speansas Toghcháin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin (baineann sé seo le gníomhairí toghcháin d’iarrthóirí rathúla agus mírathúla) |
2 Lúnasa 2024 | An dáta faoina gcaithfidh iarrthóirí mírathúla a Ráitis Síntiús, Deimhniú Síntiús Airgid agus Ráitis Bhainc a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin |
31 Eanáir 2025 | An dáta faoina gcaithfidh Méara Luimnigh a t(h)uairisceáin bhliantúla, lena n-áirítear Ráitis Síntiús, Deimhniú Síntiús Airgid, agus Ráitis Bhainc a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin |
22 Iúil 2024 | Ní mór éilimh ar íocaíocht speansas toghcháin, ó sholáthrathe, a bheith faighte ag an ngníomhaire toghcháin méarachta faoin dáta seo | |
2 Lúnasa 2024 | An dáta faoina gcaithfear gach Ráiteas Speansas Toghcháin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin (baineann sé seo le gníomhaire toghcháin d’iarrthóirí rathúla agus mírathúla.) | |
2 Lúnasa 2024 | An dáta faoina gcaithfidh iarrthóirí mírathúla a Ráitis Síntiús, Deimhniú Síntiús Airgid agus Ráitis Bhainc a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin | |
31 Eanáir 2025 | An dáta faoina gcaithfidh gach FPE is é sin iarrthóirí rathúla sa toghchán) a dtuairisceáin bhliantúla, lena n-áirítear Ráitis Síntiús, Deimhniú Síntiús Airgid, agus Ráitis Bhainc a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin |
Tá treoirlínte ag an gCoimisiún d’iarrthóirí, do ghníomhairí toghcháin, do ghníomhairí náisiúnta pháirtithe polaitíochta agus do dhaoine eile chun comhlíonadh na reachtaíochta le haghaidh toghcháin don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa agus don Uachtaránacht a chinntiú.
Baineann na treoirlínte le síntiúis pholaitíochta a nochtadh, síntiúis thoirmiscthe, teorainneacha ar chaiteachas toghcháin agus aisíocaíocht speansas toghcháin.
Féach thíos le do thoil le haghaidh na dtreoracha toghcháin is déanaí a foilsíodh.
Treoirlínte Toghchán Méarachta Luimnigh 2024
Threoirlínte maidir leis an Toghchán do Pharlaimint na hEorpa 2024 an 7 Meitheamh 2024
Gníomhairí Náisiúnta, Daoine eile agus Foilsitheoirí
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil faoi d’oibleagáidí faoin reachtaíocht.