Faisnéis le haghaidh triú páirtithe
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Más duine nó eagraíocht tú a ghlacann le síntiúis níos mó ná €100 chun críocha polaitíochta, meastar mar thríú páirtí thú faoin Acht Toghcháin, agus tá dualgais ort faoin Acht.
Tá dualgais maidir le nochtadh agus le tuairisciú don Choimisiún ar thríú páirtithe. Tá nótaí míniúcháin againn le haghaidh tríú páirtithe maidir lena gcuid dualgas faoin Acht Toghcháin.
Caithfidh gach tríú páirtí:
Treoirlínte do Thriú Páirtithe
D’fhéadfadh airgead, maoin nó seirbhísí a bheith mar shíntiús. Má thugtar chun críche polaitíochta é – mar atá sainmhínithe san Acht Toghcháin – meastar gur síntiús polaitíochta é.
Áirítear le cuspóirí polaitíochta:
Tá sainmhíniú iomlán ar chuspóir polaitíóchta le feiceáil sa Nóta Míniúcháin le haghaidh Tríú Páirtithe.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chlárú trí úsáid a bhaint as foirm iarratais ón gCoimisiún um Chaighdeáin. D’fhéadfaimis tuilleadh eolais a lorg uait, más gá.
Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin liosta mar chuid dá thuarascáil bhliantúil maidir leis na tríú páirtithe a chuir tuairisceáin isteach don bhliain roimhe sin.
Muna bhfuil tú ag glacadh le síntiúis chun críocha polaitíochta a thuilleadh, ní mór duit iarratas ar dhíchlárú mar thríú páirtí a dhéanamh ar an gCoimisiún agus úsáid a bhaint úsáide an bhfoirm ón gCoimisiún um Chaighdeáin.