Faisnéis le haghaidh sealbhóirí oifige
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Más Aire, Aire Stáit, comhairleoir aireachta, státseirbhíseach sinsearach nó státseirbhíseach thú, is sealbhóir oifige thú agus tá freagrachtaí ort faoi na hAchtanna um Eitic agus faoin gcód iompair do shealbhóirí oifige.
Leagann na hAchtanna agus an cód amach na rialacha maidir le leasanna a nochtadh, le comhlíontacht na cánach agus le caighdeáin an iompair le linn do thréimhse san oifig.
Más sealbhóir oifige thú a toghadh, mar TD nó mar sheanadóir, tá dualgais ort freisin faoin Acht Toghcháin, le linn an toghcháin agus i ndiaidh do thoghadh.
Mar shealbhóir oifige, is féidir leat a bheith i d’oifigeach poiblí ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Baineann srianta na hiarfhostaíochta leat freisin nuair a fhágann tú do phost. Tá tuilleadh faisnéise faoi rialacha na brústocaireachta agus na hiarfhostaíochtal e feicéail ag www.lobbying.ie
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún le haghaidh comhairle a fháil maidir le do chuid dualgas faoin reachtaíocht.
Chuir an Coimisiún treoirlínte le chéile do shealbhóirí oifige chun cabhrú leat do chuid dualgas faoin reachtaíocht a thuiscint.
Na Treoirlínte le haghaidh Sealbhóirí Oifige