Faisnéis earnála poiblí a athúsáid
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cloíonn an Coimisiún leis na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid.
Tá an cóipcheart ag an gCoimisiún chun na faisnéise ar fad atá ar an suíomh Gréasáin seo, mura sonraímid a mhalairt. Is ceadmhach duit an fhaisnéis sin a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith. Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint chuig an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú chuig teangacha eile.
Is ceadmhach duit faisnéis agus doiciméid ar an suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh nó a athúsáid – faoi réir an leagain is déanaí de Cheadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí, atá ar fáil ag http://www.psi.gov.ie/
De ghnáth, bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Ní mór duit:
Nílimid faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais atá bainteach le faisnéis a thugtar ar ár suíomh Gréasáin a athúsáid. Mar an gcéanna, cé go ndéanaimid dianiarracht a chinntiú go mbíonn an fhaisnéis cothrom le dáta agus cruinn, ní dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis ar fad cothrom le dáta agus saor ó earráidí. Ní thugaimid cearta eisiacha d’aon duine chun ár bhfaisnéis a athúsáid.