Leagtar amach i gCód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse creat ar faoina chuimsiú a oibreoidh státseirbhísigh.
Leagtar amach sa Chód Iompair do Chomhairleoirí na prionsabail nach mór duit, mar chomhalta tofa d’údarás áitiúil, cloí leo le linn duit do chuid dualgas a chomhlíonadh.
Ní mór do shealbhóirí oifige cloí leis na caighdeáin eiticiúla is airde agus iad i mbun a gcuid oibre.
Leagtar amach sa Chód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann na prionsabail nach mór duit, mar sheanadóir, cloí leo le linn duit do chuid dualgas a chomhlíonadh.
Leagtar caighdeáin iompraíochta amach sa chód chun tú a threorú le linn duit do chuid dualgas oifigiúil a chur i gcrích mar chomhalta de Dháil Éireann.
Cé nach bhfuil aon chód iompair ar leith ann do bhaill den mhórsheirbhís phoiblí, ní mór do sheirbhísigh phoiblí cloí leis na hAchtanna um Eitic agus leis an gCód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit.