Nochtuithe cosanta
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Coimisiún geallta le cultúr a chruthú a thacaíonn le nochtadh cosanta a chur le chéile agus a thugann cosaint do sceithirí.
Séard atá i nochtadh cosanta, san Acht um Nochtadh Cosanta, ná nochtadh na faisnéise a bhfuil seans ann, i dtuairim réasúnach oibrí, éagóir(í) ábhartha a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a chuid oibre a thaispeáint; agus go nochtfar é ar an gcaoi arna fhorordú san Acht.
Sé Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an duine forordaithe faoin Acht um Nochtadh Cosanta.
Le haghaidh nochtadh cosanta a dhéanamh do dhuine forordaithe ní mór duit na riachtanais thuas a chomhlíonadh agus caithfidh tú a chreidiúint le réasún:
Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh do Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir le haon ábhar a bhaineann le maoirseacht ar na nithe seo a leanas:
Ní duine forordaithe maidir leis na ceisteanna a mbaineann leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil é an Rúnaí faoi láthair.
D'fhonn nochtadh cosanta a dhéanamh do Rúnaí an Choimisiúin, is féidir leat á dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh linn ar cheann de na bealaí seo a leanas:
Trí ghlaoch gutháin ar 01 639 5797, nó trí rPhost a chur chuig ár seoladh tiomnaithe ag disclosures@sipo.ie
Tá gnás curtha le chéile againn a leagann amach cad a tharlóidh nuair a fhaighimid nochtadh.
Molaimid éinne a bhfuil at intinn aige nochtadh cosanta a dhéanamh comhairle neamhspleách a fháil roimh ré.
Cuireann Transparency International Éireann líne chabhrach rúnda chomh maith le rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce ar fáil maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd Ionad Comhairle Dlí Transparency International. Is féidir leis an Líne Chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil i leith chomhairleoireachta gairmiúla ach á n-iarraidh.
Tá an Coimisiún geallta le cultúr a chruthú a thacaíonn le nochtadh cosanta a chur le chéile agus a thugann cosaint do sceithirí.
Tá tuilleadh faisnéise faoi nochtadh cosanta le feiceáil ag suíomh Gréasáin Oifig an Choimisiúin um Nochtadh Cosanta.
Fuarthas seacht nochtadh cosanta, arna meas ag an gCoimisiún go rabhadar de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic, sa bhliain 2023. Ag am na tuarascála seo, tá dhá cheann acu fós á mbreithniú ag an gCoimisiún. Tarchuireadh gnéithe de cheann eile chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta de réir dualgais an Rúnaí faoi alt 7A toisc nach rabhadar faoi shainchúram an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Dúnadh ceithre nochtadh a fuarthas toisc nár tháinig siad laistigh den sainchúram nó nár chuir siad an fhianaise prima facie ar fáil le haghaidh leanuint lená n-imscrúdú.
Fuarthas nochtadh breise gan ainm ach, faoi alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, tá cosc ar an gCoimisiún gearán a imscrúdú maidir le gníomh ar leith muna bhfuil céannacht an ghearánaigh ar eolas aige agus, dá bhrí sin, measadh go raibh an tuaraisc seo lasmuigh de shainchúram an Choimisiúin. Mar sin, cuireadh an tuaraisc seo faoi bhráid Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta faoi Alt 7A den Acht um Nochtadh Cosanta.
Tá bealaí agus gnásanna seachtracha an tuairiscithe bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí de réir an Achta um Nochtadh Cosanta. Áirítear leis seo bosca poist tiomnaithe – revelations@sipo.ie – nach bhfuil rochtain ach ag daoine ainmnithe air. Is féidir tuairiscí a fháil freisin tríd an bpost ag baint úsáide as an seoladh atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin nó trí theachtaireacht a fhágáil ag 01 639 5797; tá siad seo le feiceáil thuas.
Cuireann an nasc thuas rochtain ar fáil freisin ar Fhoirm Nochta Cosanta in-íoslódáilte agus ar an ngnás seachtrach againne le haghaidh tuaraiscí a láimhseáil. Tá ár gcuid ghnásanna á n-uasdátú againn i gcónaí, ag teacht leis an deachleachtas is fearr agus leis an treoir reachtúil a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh an PFN agus Athchóirithe ar fáil le déanaí.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2022. Tar éis don ghearán a bhreithniú de réir fhorálacha reachtúla an Achta um Nochtadh Cosanta 2014, bhí an Coimisiún den tuairim áfach nár cháiligh an cheist mar nochtadh cosanta. Cuireadh an gearánach ar an eolas ina leith.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2021. I ndiaidh an ghearáin mheas, áfach, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh na ceisteanna arna n-ardú laistigh den sainchúram oibre aige agus cuireadh an gearánach ar an eolas ina leith.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain 2019 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.
Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta sa bhliain 2020. Bhí nochtadh a fuarthas sa bhliain 2019 fós faoi scrúdú sa bhliain 2020.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2019, arna mheas ag an gCoimisiún a bheith i gcomhréir le forálacha na n-Achtanna Eitice. Bhí an gearán fós faoi scrúdú ag tráth na tuarascálacha.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2018. I ndiaidh an ghearáin a mheas, áfach, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh an dóthain ar fáil ann ionas go leanófaí leis agus cuireadh an gearánach ar an eolas ina leith.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas go déanach sa bhliain 2017 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2018.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2017, a mheas an Coimisiún a bheith de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic. Mheas an Coimisiún nach raibh mórán na saincheisteanna a ardaíodh laistigh dá shainchúram oibre ach go rabhadar faoi shainchúram comhlachtaí poiblí eile. Eisíodh freagra dá réir. Mar sin féin, toisc go raibh ceann de na ceisteanna a ardaíodh ag teacht le sainordú an Choimisiúin, rinneadh á tharchur lena measúnú de réir na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí. Tá an cheist á bhreithniú fós ag tráth na tuarascála seo.
Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta sa bhliain 2016.