Treoirlínte maidir leis an Olltoghchán
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá treoirlínte foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí d’iarrthóirí, do ghníomhairí toghcháin, do ghníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta agus do dhaoine eile chun comhlíonadh na reachtaíochta don Olltoghchán a chinntiú.
Baineann na Treoirlínte le réimsí ar nós síntiúis pholaitíochta a nochtadh, síntiúis thoirmiscthe, teorainneacha ar chaiteachas toghcháin agus aisíocaíocht speansas toghcháin.
Guidelines for the General Election to the 34th Dáil Candidates and Election Agents
Guidelines for the General Election to the 34th Dáil Candidates and Election Agents
Guidelines for the General Election to the 34th Dáil Candidates and Election Agents
Guidelines for the General Election to the 34th Dáil Candidates and Election Agents
Foirmeacha Ceann Comhairimh
8 Samhain 2024 go 29 Samhain 2024 (agus na dátaí sin san áireamh) | An tréimhse toghcháin |
€58,350 | Teorainn Caiteachais do Thoghcheantar 5 shuíochán |
€48,600 | Teorainn Caiteachais do Thoghcheantar 4 shuíochán |
€38,900 | Teorainn Caiteachais do Thoghcheantar 3 shuíochán |
13 Eanáir 2025 | Ní mór éilimh ar íocaíocht le haghaidh speansais toghcháin ó sholáthraithe a bheith faighte ag an ngníomhaire náisiúnta faoin dáta seo |
24 Eanáir 2025 | An dáta nach mór gach Ráiteas faoi Chaiteachais Toghcháin a chur isteach chuig an gCoimisiún (baineann sé seo le hiarrthóirí ar éirigh leo agus nár éirigh leo araon). |
24 Eanáir 2025 | An dáta nach mór d’iarrthóirí nár éirigh leo a ráitis síntiús, deimhniú um shíntiús airgid agus ráitis bhainc a chur ar fáil don Choimisiún. |
31 Eanáir 2025 | An dáta faoina gcaithfidh gach uile TD (i.e. iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán) a dtuairisceáin bhliantúla a chur isteach chuig an gCoimisiún, agus ráitis síntiús, deimhniú um shíntiús airgid, agus ráitis bhainc ina measc. |
€11,200 | Uasmhéid aisíocaíochta na gcostas toghcháin incheadaithe a fhéadfaidh iarrthóir cáilithe a éileamh. |
Faigheann an Coimisiún um Chaighdeáin ceisteanna maidir le húsáid áiseanna de chuid an Oireachtais, lena n-áirítear clúdaigh litreach an Oireachtais, ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí, go háirithe roimh thoghchán.
Tá sé ráite go soiléir aige go minic roimhe seo nár chuí do Chomhaltaí úsáid a bhaint as clúdaigh litreach an Oireachtais agus as áiseanna eile de chuid an Oireachtais chun críocha toghcháin (seachas i bhfeachtas olltoghcháin Dála) agus bhfuil sé iomchuí na háiseanna sin a sholáthar do dhaoine eile in imthosca ar bith.
Sa nóta míniúcháin seo a leanas, leagann an Coimisiún um Chaighdeáin amach an seasamh i dtéarmaí ginearálta agus go sonrach maidir leis an gcás roimh lánscor na Dála agus dá éis mar a mbíonn feidhm ag rialacha faoi leith.
Úsáid chuí as acmhainní poiblí i dtoghcháin
Úsáid chuí as acmhainní poiblí i dtoghcháin
Faigheann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí roinnt ceisteanna maidir le cumarsáid a dhéantar le hiarrthóirí toghcháin, agus maidir le cé acu a mheastar nó nach meastar gur gníomhaíochtaí brústocaireachta an chumarsáid sin. Soláthraítear sa nóta treorach ag an nasc thíos eolas maidir leis an gceist seo.
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin nóta le déanaí maidir leis an an gCód um Imscrúduithe Toghcháin do dhéanamh. Sa nóta seo soláthraítear soiléireacht ar an gcaoi a ndéanfar imscrúduithe ar sháruithe agus ar chionta féideartha faoin Acht Toghcháin.
Déantar tagairt sa nóta do Theachtaí Dála, Seanadóirí, Feisirí Eorpacha, Méara Luimnigh, páirtithe polaitíochta, iarrthóirí ag toghcháin Dála, Seanaid, Eorpacha, Mhéara Luimnigh agus Uachtaránachta, gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta, tríú páirtithe, ‘daoine eile’ agus deontóirí/deontóirí corparáideacha, agus cumhdaítear leis imscrúdú a dhéanamh ar thuairisceáin reachtúla a fhéadfaidh a bheith ag gach iarrthóir toghcháin, gníomhaire toghcháin, gníomhaire náisiúnta agus daoine eile maidir le hOlltoghchán 2024.
Code for the Conduct of Electoral Investigations
Code for the Conduct of Electoral Investigations
Ba cheart do dheontóirí corparáideacha a bhfuil sé ar intinn acu síntiús a thabhairt d’iarrthóirí toghcháin nó do pháirtithe d’olltoghchán 2024 a bheith ar an eolas gurb é €200 an t-uasmhéid ar féidir leo a thabhairt mar dheontóirí corparáideacha neamhchláraithe. Má tá sé ar intinn agat níos mó ná €200 a thabhairt d'aon iarrthóir nó páirtí, ní mór duit clárú leis an gCoimisiún ar dtús agus a bheith faofa ar ár liosta de Dheontóirí Corparáideacha cláraithe sula dtugann tú an síntiús sin.
Treoirlínte maidir leis an gClár de Shíntiúsóirí Corparáideacha
Is é an sainmhíniú a thugtar ar "tríú páirtí" san Acht Toghcháin ná aon eagraíocht, seachas eagraíocht de chuid páirtí polaitíochta cláraithe a ghlacann le €100 ná níos mó, chun críocha polaitíochta. Tá oibleagáidí reachtúla ar eagraíochtaí a fuair síntiúis den mhéid seo nó níos mó tuairisceáin bhliantúla ina dtugtar sonraí faoi na síntiúis pholaitíochta atá faighte acu a thabhairt don Choimisiún.