Kenneth O'Flynn Réamhéisteacht Iarratais Preasráiteas
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
PREASRÁITEAS
Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (‘an Coimisiún’) imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha an Uasail Kenneth O’Flynn (‘an freagróir’), tráth a bhí sé ina chomhairleoir i gComhairle Cathrach Chorcaí, a líomhnaítear go sáraíonn siad an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 agus an Cód Iompair do Chomhairleoirí agus/nó gur gníomh sonraithe iad faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.
Sula gcuirfidh sé tús lena imscrúdú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún réamhiarratas ón bhfreagróir a éisteacht. Éistfear an t-iarratas an 19 Bealtaine 2025 ag tosú ag 10am in oifigí Chumann Cógaiseoirí na hÉireann, Teach PSI, 15-19 Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2, D02 TD72.
Ní éascófar le freastal ag baill den phobal agus de na meáin ach ar líne trí Zoom. Ba cheart iarratais chun breathnú ar an iarratas trí Zoom a dhéanamh trí ríomhphost chuig complaints@sipo.ie roimh 4pm Dé hAoine an 16 Bealtaine 2025. Cuirfear sonraí cianlogála isteach ar fáil ansin.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh ar (01) 639 5666 le do thoil. I gcás ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún in 2001, agus is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teileafón: (01) 639 5666
R-phost: complaints@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND