Éisteacht Imscrúdaithe maidir leis an Uasal Tommy Reilly
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
PREASRÁITEAS
Reáchtálfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) an Éisteacht Imscrúdaithe athsceidealaithe ar sháruithe líomhnaithe ar an Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus ar an gCód Iompair do Chomhairleoirí ag an Uasal Tommy Reilly, iar-Chomhairleoir Chomhairle Contae na Mí, in oifigí Chumann Cógaiseoirí na hÉireann an 13 agus an 16 Meitheamh 2025, ag tosú gach lá ar 10am.
Ní éascófar le freastal ag baill den phobal agus de na meáin ach ar líne trí Zoom. Iarrtar ar aon duine ar mian leo breathnú ar an éisteacht teagmháil a dhéanamh leis an oifig trí ríomhphost a sheoladh chuig complaints@sipo.ie roimh 4pm Déardaoin an 12 Meitheamh 2024 chun a spéis a chlárú. Cuirfear sonraí logála isteach cianda ar fáil ansin.
Bíodh a fhios agat go bhféadfaidh an Coimisiún, nuair is cuí leis, a ordú go reáchtálfar go príobháideach éisteacht ar bith go hiomlán nó go páirteach.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir leis an ábhar seo, glaoigh ar (01) 639 5666 le do thoil. I gcás ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún in 2001, agus is comhlacht neamhspleách, neamh-chlaonpháirteach é atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Uimhir theileafóin: (01) 639 5666 Ríomhphost: Gearáin@sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND
CRÍOCH